Stiúrthóir Gnóthaí Dlíthiúla (PO)

An tÚdarás Rialála Limistéar Muirí (ÚRLM)

Is é ÚRLM an comhlacht neamhspleách atá freagrach as bainistiú inbhuanaithe limistéar muirí éagsúil agus uathúil na hÉireann. Bunaithe i mí Iúil 2023 mar chuid den athchóiriú is mó ar rialachas muirí in Éirinn le beagnach céad bliain, beidh ÚRLM ríthábhachtach chun ár gcóras rialachais mhuirí a athrú ó bhonn.

Chun a uaillmhian a bhaint amach, tá ÚRLM ag lorg daoine spreagtha, dinimiciúla agus diongbháilte le bheith ina fhoireann. Is deis gan sárú é seo a bheith páirteach i ngníomhaireacht nua ag céimeanna tosaigh a turais agus le bheith ar thús cadhnaíochta maidir le hacmhainn fhairsing mhuirí na hÉireann a bhainistiú.
Go sonrach, táimid ag iarraidh Stiúrthóir Gnóthaí Dlí (Leibhéal an Phríomhoifigigh) a earcú chun foireann dlí ÚRLM a bhainistiú, chun feidhm dhlíthiúil intí ÚRLM a threorú agus chun comhairle dlí straitéiseach éifeachtach a sholáthar do ÚRLM.

Ag tuairisciú don Phríomhfheidhmeannach, beidh an Stiúrthóir Gnóthaí Dlí i gceannas ar fhoireann aturnaetha agus foirne tacaíochta a dhéileálann le saincheisteanna éagsúla dlí a threorú agus a bhainistiú. Beidh siad freagrach as bainistiú an chaidrimh le haturnaetha agus le habhcóidí seachtracha agus déanfaidh siad maoirsiú ar aon phróiseas tairisceana le haghaidh tacaíochta dhlíthiúil sheachtrach. Beidh ról na bainistíochta eolais dhlíthiúil ag an bhfoireann dlí intí agus a chinntiú go roinnfear eolas dlíthiúil go forleathan laistigh de ÚRLM chun cinnteoireacht a fheabhsú.

D’fhéadfadh go mbeadh orthu teicneolaíocht a thabhairt isteach agus a chur i bhfeidhm chun seachadadh seirbhísí dlí a chuíchóiriú agus a fheabhsú freisin.

Tá tacaíocht dhlíthiúil á cur ar fáil faoi láthair ag Oifig Aturnae an Phríomh-Stáit (CSSO) do ÚRLM ar bhonn idirthréimhseach. Beifear ag súil go n-oibreoidh an DOLA leis an CSSO ar feadh tréimhse ama chun seirbhísí dlí a sholáthar do ÚRLM.

Tá eolas iomlán, lena n-áirítear an próiseas iarratais ar fáil sa leabhrán eolais.

MEABHRÚCHÁN: IS É AN SPRIOCDHÁTA D’IARRATAIS NÁ DÉ CÉADAOIN 18 Meán Fómhair @ 5PM. NÍ GHLACFAR LE HIARRATAIS DHÉANACHA.