Iarratais a bhfuil Cinneadh Déanta Maidir Leo

Cinntí faoi Thoiliú Limistéir Mhuirí

Tá sonraí le fáil sa tábla thíos faoi chinntí a bhaineann le Toiliú Limistéir Mhuirí (TLM). Tá sonraí a bhaineann le hiarratais ar TLManna agus ÚRLM le fáil anseo.

Tabhair faoi deara go bhféadfaí bailíocht Chinneadh TLM a cheistiú trí Athbhreithniú Breithiúnach faoi Ordú 84 de Rialacha na nUaschúirteanna (I.R. Uimh. 15 de 1986) de réir Chaibidil 13, Cuid 4 d’Acht um Pleanáil Limistéir Mhuirí, 2021. Ní mór aon iarratas ar chead chun iarratas a dhéanamh ar athbhreithniú breithiúnach a dhéanamh go pras agus in aon chás laistigh d’ocht seachtaine ó dháta an fhógra. Tá eolas praiticiúil maidir le hAthbhreithniú Breithiúnach le fáil ón mBord um Fhaisnéis do Shaoránaigh, Urlár na Talún, Teach Ché Sheoirse, 43 Sráid Chnoc na Lobhar, Baile Átha Cliath 2 (suíomh gréasáin an Bhoird um Fhaisnéis do Shaoránaigh) nó ó shuíomh gréasáin na gCúirteanna.